Leabhar agus dlúthdhiosca de cheol draíochtach do pháistí scríofa ag Gráinne Holland Mhic Cionnaith agus maisithe agus deartha go gleoite ag Andrew Whitson. Cuireann Gráinne faoi gheasa na sí an t-éisteoir. Déanann an ceol agus an leabhar ceiliúradh ar mhistéir agus áilleacht an nadúir. Tá an ceol léirithe go gleoite ag an cheoltóir Seán Óg Graham agus an ceol á sheinm go máistriúil aige féin, Niamh Dunne agus Brian Finnegan.
12 amhrán nua-chumtha as Gaeilge ag Gráinne le focail ghleoite.
Tá an leabhar maisithe agus deartha ag Andrew Whitson (Mr. Ando)