null

Éadaoin : Seacht Snaidhm na Seirce H/B / Diarmuid Johnson

Write a Review

Options

€16.00

Info

SKU:9781909907683

Info

SKU:
9781909907683

Description

Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid. Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin.

Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.