null

Léann 6 Cumann Léann na Litríochta

Write a Review

Options

€12.00

Info

SKU:9781913814151

Info

SKU:
9781913814151

Description

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 6 taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge. San eagrán seo, déantar mionscrúdú ar chaoineadh a cumadh in ómós an Bhanphrionsa Gwendoline Talbot Borghese (1817-1840); déantar iniúchadh ar an gcnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939) le Máiréad Ní Ghráda agus tógtar ceisteanna faoi na nithe a fhágtar ar lár ó scéal oifigiúil Chogadh na Saoirse; déantar mionanailís ar léiriú 9/11 agus an chogaidh in aghaidh na sceimhlitheoireachta i bhfilíocht na Gaeilge; agus cuirtear an drámaíocht aistrithe faoin spotsolas trí tharraingt ar chreatlach anailíse idirnáisiúnta le cás na Gaeilge agus teangacha eile a fhiosrú.

Comhfhiontar é Léann 6 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh