null

An Rás Chuig an Mol Thuaidh / Scéal Matthew Henson

Write a Review

Options

€8.99

Info

SKU:9781910945704

Info

SKU:
9781910945704

Description

Scéal cumhachtach Matthew Henson. Agus é óg, theith sé ón mbaile agus ón leasmháthair a chaith go dona leis. Níor chuimhnigh sé riamh go mbeadh sé ar dhuine de na chéad daoine riamh a sheas ag an Mol Thuaidh. Ach nuair a fhill sé ar Mheiriceá, tugadh neamhaird ar a chuid gaiscí de bharr dath a chraicinn. Scéal eachtrúil a thaitneoidh go mór le léitheoirí óga.

 “Tá sé bainte amach againn!” a bhéic mé.  “Tá muid ann!  An Mol Thuaidh!  Tá muid ar bharr an domhain!  Is muidne na chéad daoine a leag cos anseo

ó thús an tsaoil.”

Is beag a shamhlaigh Matthew Henson, agus é ar a theitheadh ó theach a leasmháthar in aois a aon bhliain déag, go mbeadh saol aige a bheadh lán le heachtraíocht agus le taiscéalaíocht.

Is cinnte nár shamhlaigh sé go mbeadh sé ar an gcéad duine riamh le taisteal chomh fada leis an Mol Thuaidh. Ina ainneoin sin ar fad, ba bheag meas a léiríodh air agus é sa bhaile i Meiriceá. Cén fáth sin?

Mar gheall ar dhath a chraicinn.