null

Árasan / Ógie Ó Céilleachair

Write a Review

Options

€10.00

Info

SKU:9781784442279

Info

SKU:
9781784442279

Description

Ceathrar mac léinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile san aon árasán amháin san ollscoil. Darach – gan aon phlean aige, ann ar mhaithe le heispéireas an mhic léinn a bhlaiseadh ach nochtar tallann ann a fhorbraíonn sé i rith na bliana. Jeaiceo – níl suim aige ach in dhá rud sa saol, peil agus ragairne, ach an féidir an dá thrá a fhreastal? Céit – stuama, níos aibí ná an triúr eile, tugtha do chúiseanna agus d’agóidíocht, ach an bhfuil an fíorshaol chomh dubh agus bán sin? Niamh – de bhunadh rachmasach, a saol uilig leagtha amach roimpi – ag a tuismitheoirí agus a buachaill pé scéal é.

Castar suáilcí agus duáilcí bheatha an scoláire orthu i rith na bliana acadúla. Saol na hoíche, an t-ól agus an ragairne, cumainn, clubanna, réalachas na foghlama ag an tríú leibhéal, caidreamh collaí, airgead agus easpa airgid, dúshlán caidrimh. Conas a éireoidh leo fhéinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile? 

The third book from the bestselling author of Cúpla  & Katfish & Scéalta Eile. 

Foilsithe ag Cló Iar chonnacht, 2021, clúdach bog