null

Fóir Orm! / Áine Uí Fhoghlú

Write a Review

Options

€8.00
Or

Info

SKU:9781784442286

Info

SKU:
9781784442286

Description

Tá daltaí rang a sé ag dul ar thuras eitleáin ar saoire go hInis Mór, mar chríoch lena dtréimhse sa bhunscoil. Ina measc tá Eoin Ó Dálaigh, buachaill dhá bhliain déag d’aois, a chuireann an milleán air féin faoi bhás a athar. Séidtear an t-eitleán dá chúrsa i ndrochstoirm, agus caitear Eoin i dtír ar oileán tréigthe. Cén chaoi a mairfidh sé? An dtiocfaidh sé slán? Scéal corraitheach, eachtrúil a chíorann scéal an daonnaí i gcoinne an nádúir.

Bhuaigh an leabhar seo an chéad duais i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2021, ficsean do dhéagóirí 13–15 bliain.

Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht, Gaillimh, 2021. Clúdach bog.