Seanairgead agus Airgead Nua
Tréaslaím le COGG as ucht maoiniú a dhéanamh ar an aistriúchán. Tréaslaím le hAntain Mac Lochlainn as cáilíocht an aistriúcháin féin. Tá Gaeilge shaibhir shimplí ann a thaitneodh leis an léitheoir Gaeilge. Cuireann an scéal féin gearrscéal an Phiarsaigh " An Gadaí" i gcuimhne dom. Ach tá an scéal seo suite i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1972. B'fhearr liom dá mbeadh an scéal faoin mbliain 2022, ionas go mbeadh ceangal níos láidre ann idir saol an léitheora agus cúlra an scéil féin. An t-airgead nua atá i gceist ná an deachúlú ag tús na seachtóidí. Ní thuigim cén fáth nach raibh trácht sa scéal ar an Euro féin níos déanaí. An rud céanna faoi na tagairtí don Léigiún Mhuire. Bhí mórán daoine páirteach sa Léigiún sna 1970í, ach is beag léitheoir atá ann anois a thuigfeadh céard atá i gceist. Mar sin féin bhain mé taitneamh as an teannas sa scéal agus as an cur síos ar fhadhbanna clainne i lár na cathrach. Bhain mé tairbhe freisin as an stór mór focal nua a d'fhoghlaim mé ó aistriúchán Mhic Lochlainn. Maith sibh.